Peadar Rís (Peter Rice)– Innealtóir Cáiliúil ó Dhún Dealgan

Rugadh Peadar Rís i nDún Dealgan i 1935. Chaith sé formhór a chuid óige idir bhaile Dhún Dealgan agus sráidbhailtí Cé Giles agus Inis Caoin. Fuair sé bunoideachas ó na Bráithre Críostaí ina bhaile dúchais agus chuaigh sé ar mheánscoil go Coláiste Dhroichead Nua. Bhain sé amach céim in Innealtóireacht Shíbhialta in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste agus chaith sé bliain ina dhiaidh sin ag staidéar in Imperial College, London.

Ba é díon Áras Ceoldrámaíochta Sydney an chéad phíosa oibre a tugadh dó nuair a thosaigh sé le comhlacht innealtóireachta Ove Arup. Chaith sé seacht mbliana ar an tionscadal seo agus ceapadh é mar phríomhinnealtóir i bhfheighil na hoibre in aois 28. Bhain sé cáil mhór amach dá bharr agus d'obair sé ina dhiaidh sin ar mhórán foirgintí cáiliúla eile ar fud an domhain, mar shampla Centre Pompidou i bPáras, Aerphort Stansted sa Bhreatain agus Aerphort Kansai sa tSeapáin. I 1992 bronnadh air an Bonn Óir Ríoga d'ailtireacht ag an Royal Insititute of British Architects – an dara Éireannach agus an dara innealtóir a bhuaigh sin.

Fuair Peadar bás i 1992 in aois 57. Tá leacht cuimhneacháin curtha suas ar an dteach ina rugadh é, 52 Sráid Bríde, Dún Dealgan. Tá duaiseanna innealtóireachta ainmnithe ina dhiaidh, mar shampla Peter Rice Prize in Harvard University Graduate School of Design. Ceann eile ná Peter Rice Trophy ag Údaráis Áitiúla Lú, a bhuaigh DkIT i 2006 don tuirbín gaoithe. Gach bliain bronntar Bonn Airgid Pheadair Rís ar mhacléinn innealtóireachta san Insitiúid seo.

Glossary:
innealtóir = engineer, sráidbhailtí = villages, bunoideachas = primary education, meánscoil = secondary school, Innealtóireacht Shíbhialta = Civil Engineering, Áras Ceoldrámaíochta = Opera House, comhlacht = company, tionscadal = project, i bhfeighil = in charge, foirgintí cáiliúla = famous buildings, Bonn Óir Ríoga = Royal Gold Medal, ailtireacht = architecture, bhuaigh = won, leacht cuimhneacháin = memorial plaque, duaiseanna = prizes, tuirbín gaoithe = wind turbine