Oifigeach na Gaeilge

Peadar Rís (Peter Rice)– Innealtóir Cáiliúil ó Dhún Dealgan

Rugadh Peadar Rís i nDún Dealgan i 1935. Chaith sé formhór a chuid óige idir bhaile Dhún Dealgan agus sráidbhailtí Cé Giles agus Inis Caoin. Fuair sé bunoideachas ó na Bráithre Críostaí ina bhaile dúchais agus chuaigh sé ar mheánscoil go Coláiste Dhroichead Nua.